
OK, so an plé atá againn inniu:
Cá bhfuair tú do chuid Gaeilge, agus 'bhfuil teangacha eile ar do thoil agat?
Tá 's agam go bhfoghlamaíodh an chuid is mó denár gcuid Gaeilge ár scoil nó sa Ghaeltacht, (agus más rud é go bhfuil an t-ádh agat agus tá tusa i do chónaí sa Ghaeltacht, abhaile), ach táthar ann a bhfuair an theanga in áiteanna eile: ranganna, ó chairde nó cairde pinn, óna dtuismeothóirí nó b'fhéidir óna seantuismeothóirí srl, srl...
Tháinig mo chuid Gaeilgese chugam ar scoile, agus ní cainteoir dhúchas mé.
Agus cad é faoi theangacha eile?
Is cosúil go mbeadh an Bhéarla ag cuid mhór dena daoine sa ghrúpa, ach is eol dom faoi cúpla Spáinnigh agus Rúisigh a fhoghlaim an theanga leo féin, gan Béarla ar bith acu.
Leis sin, caithfidh mé ár mball is gníomhaí a lua!
irlandesaaa.deviantart.com/
Maarrr tá tuilleadh curtha ag an chailín Brasaíleach seo sa ghrúpa seo ná duine ar bith eile. Agus mar bharr ar sin, d'fhoghlaim sí a cuid Gaeilge uile go hiomlán léi féin!
Agus mar bharr ar sin: tá sí ag teacht go hÉirinn an bhliain seo chugainn!

An eagróidh muid rud éigin anseo di?

(b'fhéidir go mbeidh plé eile againn go luath ar sin, ach déan trácht más maith leat!)